Tearmann

Print this page 



I láthair Dé

Iarraim ar Dhia cabhrú liom
bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
fáilte a chur roimh Dhia i rith an tréimhse urnaithe seo,
grá agus seirbhís níos mó a thabhairt Dó.



Saoirse

"Ní chreidfeadh crann mór gan chuma go bhféadfadh sé bheith ina dhealbh,
le meas ag a lán air mar éacht dealbhóireachta,
agus ní ghéillfeadh sé do shiséal an dealbhóra a aithníonn,
toisc gur ginias é, cad is féidir leis a chruthú as". (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé ligean do mo Chruthaitheoir mé a mhúnlú.



Tabhair faoi deara

I láthair mo Chruthaitheora caithim súil go macánta
ar na mothúcháin a bhí agam ar feadh an lae,
na buaic agus na bun phointí agus an talamh cothrom.
An féidir liom a thuiscint cá raibh an Tiarna?



An Briathar

Lucas 2:41-51

Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca. Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile; agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d'fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí. Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais, agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg. I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: "A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite." Agus dúirt sé leo: "Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?" Ach níor thuig siad an focal a labhair sé leo. Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.


Cad tá á rá agat liom, a Thiarna?



Smaointí



Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.



Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol. Amen



Print this page

Ar ais

 

© 1999 www.sacredspace.ie Sacred Space, 36 Lower Leeson Street, Dublin 2, Ireland