Tugaimid cuireadh duit machnamh a dhéanamh an seachtain seo:
I measc Críostaithe, ta stair fhada laistiar den Fhaoistin, sacraimint an athmhuintearais. Ach is minic míthuiscint ina taobh. ‘É a chur i bhfocail' - sin an ghné is deacra den fhaoistin; ach san am céanna, is é an rud is mó leigheas agus slánú dúinn. Tógaimid go léir omúrtha cosanta in aghaidh ár gciontacht a admháil, agus in éadan pé blúire den suarachas agus den chruálacht atá ionainn a aithint. San fhaoistin, nílimid ag lorg comhairle nó fisiteiripe, nó osúsa bog teolaí na díchuimhne le caitheamh mar ofhallaing ar a bhfuil déanta againn den olc. Inár gcuimhne, bíonn claonadh ionainn bheith éiginnte faoina bhfuil déanta againn, agus é a leithscéalú. San Fhaoistin, déanaimid iarracht breathnú ar ár suarachas faoi mar a bhreathnódh daoine eile, agus é a chur i bhfoclaíocht i gcluais shagairt anaithnid. ‘Seo an rud a dhein mé; bhí sé go holc; tá aiféala orm dá bharr.' In ár saol cráifeach uile, ní aon ghníomh níos pearsanta ná é seo. Is féidir linn deasghnáth follamh a dhéanamh de na sacraimintí eile. Ach má dhéantar Faoistin le dáiríreacht, cuireann sé éileamh dian pearsanta orainn, agus tagann sásamh as a thugann faoiseamh dúinn is féidir a mhothú.
Dé Máirt 17 Samhain, Naomh Eilís na hUngáire
Dé Céadaoin 18 Samhain, Tiomnú Bhaisleac Naomh Peadar agus Naomh Pól
Déardaoin 19 Samhain, An Déardaoin i seachtain 33 den Am Saor
Dé hAoine 20 Samhain, An Aoine i seachtain 33 den Am Saor
Dé Sathairn 21 Samhain, Toirbhirt na Maighdine Beannaithe Muire
Dé Domhnach 22 Samhain, Féile Chríost Rí
Dé Luain 23 Samhain, Naomh Cleimint I, Naomh Colmán